www.pluid.ie

Nuair a d’fhreagair uachtarán Chonradh na Gaeilge litir ó ghrúpa príosúnach i mbraighdeanas i gcampa na Ceise Fada i mí Márta 1972, ba bheag a thuig Maolseachlainn Ó Caollaí go raibh sé ag cur tús le rannpháirtíocht idir an Conradh agus cimí polaitiúla a mhairfeadh go dtí deireadh na haoise. Eagraíocht neamhpholaitiúil a bhí agus atá sa Chonradh, ach ba dheacair gan seasamh poiblí a ghlacadh i rith na mblianta sin ar cheisteanna cearta teanga do phríosúnaigh, agus ar cheisteanna cearta daonna. An raibh an baol ann go raibh a ról sna feachtais éagsúla príosúin – san fheachtas Bloc H / Ard Mhacha go háirithe – ag sárú a bhunreachta féin? Bunaithe ar chomhaid chomhfhreagrais idir an Conradh agus na príosúnaigh agus grúpaí tacaíochta na gcimí, scrúdaíonn Eoghan Mac Cormaic an cheist, na dúshláin agus na buanna a bhí i ndán don eagraíocht agus í ag iarraidh beart a chur le briathar.

éist le hagallamh Raidió Fáilte le MaryClaire

léirmhéas le Máirtín Ó Múilleoir

Beart le Briathar

taighde/stair

foilsithe ag pluid.ie

€15

€20.50  le postas agus pacáistiú san aireamh

Beart le Briathar

research/history

published by pluid.ie

€15

€20.50 post and packaging incl.