www.pluid.ie
Gaeil agus Géibheann.
Is é seo an triú leabhar atá léite agam ón údar seo. Bhí sé thar a bheith gníomhach le cúpla bliain anuas - leabhair Béarla seolta aige freisin. Ba é “Pluid” an chéad cheann a léigh mé - cuntas ar shaol sna H-blocanna- agus ansin cnuasach filíochta uaidh (‘Macallaí Cillín’). Fuaireas iad díreach ón údar féin, ach an geábh seo d’aimsigh mé an leabhar sa siopa leabhar, “The Last Bookshop” ar Sráid Camden i mBaile Átha Cliath sula raibh seans agam é a fháil uaidh féin. Tá an t-údar éirithe as a phost le Glór na Gael.
Scéal é seo faoi na Gaeil a bhí i ngéibheann sa tír seo agus sa Bhreatain agus úsáid an Ghaeilge lastigh dena campaí/príosúin. Téann sé siar go dtí an naoiú aois déag. Tá go leor taighde déanta ag an údar agus é ag ullmhú an saothair seo. Déantar tagairtí ar roinnt saothair eile - ‘As an nGéibheann’ le Máirtín Ó Cadhain, ‘Mise’ le Colm Ó Gaora, ‘B’fhiú an Braon Fola’ le Séamus Ó Maoileoin, ‘Faoi Ghlas’ le Tarlach Ó hUid ina measc. Tá i bhfad níos mó ann ná sleachta ó na leabhair siúd.
Cloistear faoi Fron-Goch, Phríosúin Phortlaoise, Champa an Churraigh, Phríosún Ard Mhacha, An Cheis Fhada (na H-blocanna) agus go leor eile. Is dócha nach mbeadh tuiscint agaibh ar na ‘walkie -talkies’ a bhíodh ag na cimí sna príosúin siar ansin ach tá sé nochtaithe anseo!
Ní bheadh scéal mar seo ina iomlán gan tagairt do na scoilteanna agus don easaontais a tharlaíonn i gcónaí!
Is cuntas tábhachtach seo ar chuid denár stair féin. Ní nach ionadh go bhfuil na hiarrachtaí seo a rinneadh sna príosúin mar eiseamláir do na heagraíochtaí atá ag troid ar son na Gaeilge na laethanta seo - go háirithe sa taobh thuaidh an oileáin seo. Táimid faoi chomaoin an údair go bhfuil na cuntaisí agus na heachtraí seo caomhnaithe dúinn sa leabhar seo. 222 leathanach atá ann.
Pilib Ó Duinn ag scríobh sa Ghrúpa FB, Gaeilge Amháin